Scéal faoi a hathair, tógálaí agus saor cloiche a bhí ann, nuair a bhí sé ag tógáil teach Jim Neddy Bhig. Tháinig séidean sí aniar an trá agus thug sé anuas binn an tigh agus Tomás, a bhí ag obair ann. Carraig na dTaibhsí a tugadh ar an áit, bhí siad ag meas go raibh taibhsí ann, níor chodlaidh duine ar bith ann ariamh agus blianta ina dhiaidh, deirtí go rabhthar ag cluinstean daoine ag dul suas agus anuas an staighre.
00:03:16
Scéal eile lena máthair agus a máthair mór ag teacht na bhaile ón mhonarcha oíche amhain, casadh bean orthu. D’aithin a máthair mór í agus fuair sí Aifreann léite di ach níor feiceadh an bhean ariamh arís.